|
Ón gcaoineadh ‘BÁS AN TSEALGAIRE
Dhá urchar thall sa mheas, ansan i gcionn tamaill, dhá urchar eile. Muintir an Daingin, ní foláir amuigh roimh dheireadh an tséasúir nó muintir Chlíbh ó Luimneach ag seilg naoscach.
I mbliana , ar a laghad ní féidir an mhilleán a chur ort-sa a Sheanaleaid. Tá’nn tú thall sa teampall, faoi seacht scaob ag itheadh grinn is ag foghlaim cloch is cré.
Fiú nuair nach ort a labhrann an naoscach sa churraichín doimhin is ort a chimhním.Dhá bhliain ó shin nuair a theip ort ceann acu a leagadh leis an tarna urchar do dheinis gearán go raibh an radharc ag teip ort. ‘Ach’, arsa mo dheartháir Páidí a bhí amuigh leat, ‘Féach , cé’n t-aos tu?’ ‘Os cionn ceithre fichid. Canathaobh?’ Ní ghéillfeá riamh go raibh aon bhaint eatorthu.
Sin é bás an tsealgaire. Ní leor ach aon dearmad amháin. Féach Nanook úd an Tuaiscirt a fuair bás den ghorta bliain i ndiaidh don bhFlaitheartach an scannán clúiteach úd a dhéanamh air.
An radharc, leis, nó a uireasa a shocraigh leis siúd chomh maith sa deireadh.
* * * * * * * * * *
Chím tú ins gach aon áit. go háirithe sna flaithis go hard is spéir réilthíneach na hoíche ag taithneamh ós cionn pharóiste Fionn Trá.
Is tú Orion, an Sealgaire (tugann siad An Bodach air leis ach is doigh liom go bhfuil sé ró-dhrochmhúinte é sin a thabhairt ort, a Sheainlead.)
Tá’nn tú ansan thuas dod’ chosaint féin de shíor i gcoinne Taurus, an Tairbh. Tá an réalt mór Betelgeuse id ascaill is Bellatrix id láimh, Saiph i mbráid do choise deise agus Rigel ar do shál.
Tá trí réalt do chreasa mar chomhartha treoir ag cách agus an Nebula id’ mhíotóig ag sealbhú doimheas an spáis.
Teicheann na Hyades agus na Pleaides romhat, Treidín úd na mban áille go mbíteá de shíor ar a dtóir.
In aice leat tá Lepus nó An Ghiorria a mbíteá ag fiach is ag seilg.
Tá do dhá ghadhar mánla na réalta úd Canis Major is Canis Minor ag sodar go dílis le do thaobh.
|